Tacaíocht leanúnach ón Aontas
Ní mór iarracht mhór airgeadais a dhéanamh go domhanda chun an Úcráin a atógáil nuair a thiocfaidh deireadh leis an gcogadh. Tá an tAontas ag cur go mór le hathléimneacht leanúnach na tíre cheana féin, ach beidh gá le tuilleadh tacaíochta sa mheántéarma agus san fhadtéarma chun bunchlocha tíre saoire rathúla a athbhunú, tír atá fréamhaithe i luachanna na hEorpa agus atá lánpháirtithe go maith i ngeilleagar na hEorpa agus sa gheilleagar domhanda, agus chun tacú léi ar a conair Eorpach.
Ó cuireadh tús le cogadh foghach na Rúise, tá tacaíocht airgeadais, dhaonnúil, éigeandála, bhuiséadach agus mhíleata dar luach suas le €50 billiún á cur ar fáil ag an Aontas, ag na Ballstáit agus ag institiúidí airgeadais na hEorpa, faoi chur chuige Team Europe:
- €37.8 billiún chun tacú le hathléimneacht eacnamaíoch, shóisialta agus airgeadais na tíre ar an iomlán. Áirítear leis sin pacáiste tacaíochta airgeadais nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo dar luach suas le €18 mbilliún do 2023.
- cuireadh cúnamh míleata breise dar luach tuairim agus €12 bhilliún ar fáil chomh maith faoin tSaoráid Eorpach Síochána agus ag na Ballstáit go díreach
Fad agus atá cogadh foghach ar siúl ag an Rúis, ní fios go fóill cé na riachtanais fhoriomlána a mbeidh gá leo maidir le hatógáil na hÚcráine. Mar sin féin, tá sé tábhachtach príomhbhloic thógála na hiarrachta idirnáisiúnta seo a leagan amach anois.

‘Is féidir leis an Úcráin brath ar thacaíocht iomlán ón Aontas Eorpach. Táimid réidh le ról ceannasach a ghlacadh sna hiarrachtaí idirnáisiúnta atógála, iarrachtaí a chuideoidh leis an Úcráin a atógáil ionas go mbeidh sí daonlathach rathúil. Fágann sé sin go mbeidh infheistíochtaí agus athchóirithe ag obair as lámh a chéile chun tacú leis an Úcráin chun a conair Eorpach féin a shaothrú.’
Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh
An tArdán Ilghníomhaireachta Comhordaithe Deontóirí
An 26 Eanáir 2023 seoladh an tArdán Ilghníomhaireachta Comhordaithe Deontóirí chun tacú le próiseas deisiúcháin, téarnaimh agus atógála na hÚcráine. Éascaíonn an tArdán dlúth-chomhordú i measc deontóirí idirnáisiúnta agus eagraíochtaí airgeadais agus cinntíonn sé tacaíocht chomhleanúnach thrédhearcach chuntasach.
Is é is aidhm dó comhordú feabhsaithe a chinntiú i measc na bpríomhghníomhaithe uile a chuireann tacaíocht airgeadais ghearrthéarmach ar fáil chomh maith le cúnamh níos fadtéarmaí a chinntiú freisin do chéim na hatógála. Ar an gcaoi sin, déanann sé forbairt ar thorthaí na gComhdhálacha i Lugano, i mBeirlín agus i bPáras, chun cabhrú leis an mbearna idir riachtanais agus acmhainní a líonadh.
Ullmhú don todhchaí
An 25 Deireadh Fómhair 2022, rinne an Coimisiún Eorpach agus an Ghearmáin, mar chathaoirleach ar G7, comh-óstáil i mBeirlín ar an gComhdháil Idirnáisiúnta Saineolaithe maidir le Téarnamh, Atógáil agus Nuachóiriú na hÚcráine. Céim thábhachtach eile a bhí sa chomhdháil a léirigh tacaíocht bhuanseasmhach ón Aontas agus ón gcomhphobal idirnáisiúnta don Úcráin i bhfianaise chogadh foghach gan chúis agus gan údar na Rúise. Cuireadh i dtreis ann freisin go leanfaidh an Coimisiún agus an comhphobal idirnáisiúnta de thacaíocht a thabhairt don Úcráin thar a riachtanais láithreacha, agus ar a bealach i dtreo aontachas leis an Aontas.
Leag Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin, béim ar thrí ghné atá ríthábhachtach chun an Úcráin a atógáil go rathúil:
- cinnte a dhéanamh de go bhfaigheann an Úcráin an tacaíocht a theastaíonn uaithi i gcónaí – fóirithint, athshlánú agus atógáil fhadtéarmach
- an sásra ceart a bheith i bhfeidhm ionas go mbíonn an tacaíocht chomh leathan agus chomh hionchuimsitheach agus is féidir
- iarrachtaí atógála na hÚcráine a leabú go daingean mar chuid dá conair i dtreo an Aontais Eorpaigh
I bhfianaise scála an dúshláin atá i gceist, is gá gur próiseas ionchuimsitheach a bheidh sna hiarrachtaí téarnaimh, próiseas ina mbeidh an iliomad páirtithe leasmhara ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach araon rannpháirteach, mar aon le heagraíochtaí idirnáisiúnta. Sin an fáth ar thug an chomhdháil le chéile saineolaithe a bhfuil cáil dhomhanda orthu i ndisciplíní agus cúlraí éagsúla, chomh maith le hionadaithe ón tsochaí shibhialta agus ón earnáil phríobháideach, in éineacht le rialtas na hÚcráine. Cuideoidh moltaí na comhdhála chun na hiarrachtaí domhanda a mhúnlú maidir leis an mbealach i dtreo todhchaí ghlas, athléimneach, rathúil agus dhaonlathach san Úcráin.
Tuilleadh eolais
- Ráiteas tosaigh agus ráiteas scoir an Uachtaráin von der Leyen
- Ráiteas ón Uachtarán von der Leyen ag an bpreasagallamh comhpháirteach leis an Seansailéir Scholz agus le Príomh-Aire Shmyhal na hÚcráine
- Ábhar closamhairc
Tacaíocht do scoileanna na hÚcráine
Toisc gur sna scoileanna a thosaíonn todhchaí na hÚcráine, tá an tAontas Eorpach ag tacú le hathshlánú scoileanna a ndearnadh damáiste dóibh trí €100 milliún a chur ar fáil, rud a d’fhógair an tUachtarán ina haitheasc ar Staid an Aontais.
Tá thart ar €14 mhilliún leithdháilte ag an gCoimisiún Eorpach chun busanna scoile a cheannach agus chun leanaí ón Úcráin a thabhairt ar scoil go sábháilte. Chomh maith leis sin, sheol an Coimisiún feachtas uile-Aontais chun busanna scoile a bhronnadh ar an Úcráin, busanna a chuirtear ar fáil trí Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta.
Ag an am céanna, oibreoidh an Coimisiún leis an Úcráin chun rochtain shaoráideach na tíre ar an margadh aonair a chinntiú, lena gcumhachtófar an Úcráin an leas is fearr is féidir a bhaint as acmhainneacht na tíre, chun cuidiú le dlús a chur leis an bhfás agus chun deiseanna a chruthú.