Skip to main content
Lógó an Choimisiúin Eorpaigh
Dlúthpháirtíocht an Aontais Eorpaigh leis an Úcráin

Ag teitheadh ón Úcráin: Taisteal laistigh den Aontas Eorpach

Tá an t-eolas seo le fáil sna teangacha seo a leanas chomh maith: Úcráinis | українська | Rúisis | русский

An t-eolas atá de dhíth ort agus tú ag taisteal san Aontas Eorpach

Sa chuid is mó de chásanna, más ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin atá tú, beidh tú in ann taisteal go dtí tíortha eile den Aontas. I gcás muintir na hÚcráine ag a bhfuil pas bithmhéadrach, tagann an ceart sin ón gcóras saor ó víosa atá i bhfeidhm idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin. Más as tríú tír duit, ní mór duit a sheiceáil an bhfuil do thír dhúchais ar liosta na dtríú tíortha a bhfuil a náisiúnaigh díolmhaithe ón gceanglas víosa a bheith acu.

Eolas faoi údaráis náisiúnta agus roghanna taistil saor in aisce

Trí chliceáil ar an tír ar an léarscáil seo, gheobhaidh tú eolas úsáideach faoi na húdaráis náisiúnta i dtíortha an Aontais ar féidir leat teagmháil a dhéanamh leo faoi chosaint shealadach, chomh maith le heolas faoi thacaíocht taistil, cúraim sláinte nó fostaíochta.

Chomh maith leis sin, léirítear ar an léarscáil na háiteanna a bhfuil saoráidí glactha agus moil aistrithe nó ar féidir tuilleadh eolais a fháil faoi do thaisteal agus do thréimhse san Aontas.